Interested in maladministration. Estd. 2005
RTEs Sarah McInerney ? Fianna Fail?supporter? Anthony
Joe Duffy is dishonest and untrustworthy Anthony
Robert Watt complaint: Time for decision by SIPO Anthony
RTE in breach of its own editorial principles Anthony
Waiting for SIPO Anthony Public Inquiry >>
Parse failure for http://humanrights.ie/feed/. Last Retry Monday September 29, 2025 14:17
Taliban Commander?s Nephew Granted Asylum in UK Can be Joined by Seven Family Members, Judge Rules Mon Sep 29, 2025 11:11 | Will Jones A?Taliban?commander?s nephew granted refugee status in Britain can ?be joined by seven family members currently living in Turkey even though none of them speaks English or is able to work, an immigration judge has ruled.
The post Taliban Commander’s Nephew Granted Asylum in UK Can be Joined by Seven Family Members, Judge Rules appeared first on The Daily Sceptic.
Are School Playgrounds Microcosms of Society at Large? Mon Sep 29, 2025 09:00 | Joanna Gray Lunchtime football is the latest victim of nanny-state safetyism, turning school playgrounds into microcosms of society ? corralled, cramped, and socially conditioned, says Joanna Gray.
The post Are School Playgrounds Microcosms of Society at Large? appeared first on The Daily Sceptic.
Lord Brooke and the Malthusian Mind Virus in Our Time Mon Sep 29, 2025 07:00 | Tilak Doshi Lord Brooke's wild House of Lords speech about abortion, gays and climate change wasn't just odd ? Tilak Doshi shows it's the same old Malthusian doom-mongering that elites have been peddling for centuries.
The post Lord Brooke and the Malthusian Mind Virus in Our Time appeared first on The Daily Sceptic.
News Round-Up Mon Sep 29, 2025 01:10 | Richard Eldred A summary of the most interesting stories in the past 24 hours that challenge the prevailing orthodoxy about the ?climate emergency?, public health ?crises? and the supposed moral defects of Western civilisation.
The post News Round-Up appeared first on The Daily Sceptic.
Farage?s Mass Deportation Plan Is Racist, Says Starmer Sun Sep 28, 2025 19:00 | Richard Eldred Sir Keir Starmer has slammed Reform UK's mass deportation plan as "racist", warning that Nigel Farage's idea of kicking out hundreds of thousands of legal immigrants would "tear Britain apart".
The post Farage?s Mass Deportation Plan Is Racist, Says Starmer appeared first on The Daily Sceptic. Lockdown Skeptics >>
Voltaire, international edition
Will intergovernmental institutions withstand the end of the "American Empire"?,... Sat Apr 05, 2025 07:15 | en
Voltaire, International Newsletter N?127 Sat Apr 05, 2025 06:38 | en
Disintegration of Western democracy begins in France Sat Apr 05, 2025 06:00 | en
Voltaire, International Newsletter N?126 Fri Mar 28, 2025 11:39 | en
The International Conference on Combating Anti-Semitism by Amichai Chikli and Na... Fri Mar 28, 2025 11:31 | en Voltaire Network >>
|
Naimhdeas úr á chothú ag na haontachtaithe
national |
miscellaneous |
other press
Wednesday July 02, 2008 01:46 by Robert McMillen - Irish News i mBéal Feirste

Tráth den saol ba ar na poblachtánaigh amháin a bhí an ghráin dhearg ag na haontachtaithe. Ach anois, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá siad ag tabhairt faoi naimhde úra – an pobal aerach, lucht na heolaíochta agus lucht labhartha na Gaeilge ina measc. Más ag dul Back to the Future a bhí á thriail sa tsraith rathúil scannán ó na hochtóidí, Forward to the Past a d’fheadfaí a thabhairt ar straitéis an DUP in Stormont.
Níorbh fhéidir éisteacht le baill shinsearacha an pháirtí an mhí seo caite gan a) titim thart ag gáire, b) a bheith ar crith le heagla nó c) fearg an domhain a bheith ort. Glacaimis ráiteas míchlúiteach Iris Robinson mar thús, ráiteas a bhí chomh conspóideach sin gur chuir nuacht Channel 4 suim ann!
Tá Iris in éadan an homaighnéasachais mar gur léigh sí i leabhar gur chóir di a bheith ina éadan. "You shall not lie with a male as with a woman. It is an abomination," arsa Leviticus 18:22 sa leabhar seo a gcreideann na milliúin ann, An Bíobla Naofa. Chan amháin go bhfuair sí a dearcadh ón leabhar seo, ach chuir Dia féin cogar i gcluas Iris. "Just as a murderer can be redeemed by the blood of Christ, so can a homosexual - and if anyone takes issue, they're taking issue with the Word of God," arsa Iris chóir. Mura ndéanfadh Dia an gnó, bhí aithne aici ar shíceolaí a dhéanfadh an beart.
Ar ndóigh, ní hí Iris amháin atá den tuairim láidir gur féidir daoine a spreagadh le droim láimhe a thabhairt leis an homaighnéasachas. Tá eagraíocht i Meiriceá ar a dtugtar NARTH (National Association for Research and Treatment of Homosexuality) a mhaíonn go bhfuil cóir leighis ann dó.
Tá nasc suntasach idir iad siúd a chreideann gur féidir cosc a chur leis an homaighnéasachas agus an creideamh. Iompaíonn go leor daoine i gcoinne an tsaoil aeraigh ar chúiseanna creidimh, a mhaíonn daoine áirithe. Ach déarfadh formhór na ndaoine aeracha nach rogha stíle maireachtála é a gclaonadh gnéasach.
Tá sé de cheart ag Iris Robinson – agus ar dhóigh amháin, tá sí le moladh mar gur thosaigh sí díospóireacht ar an cheist – a tuairimí pearsanta a bheith aici. Ach níl sé de cheart ag feisirí tofa a bheith ag cur daoine aeracha i gcomparáid le dúnmharfóirí.
Ag caint i Westminster ar bhille Briotanach dar teideal “The Human Fertilisation and Embryology Bill”, dúirt sí go raibh sí ag caint thar ceann na ndaoine a chuireann a muinín in "údarás níos airde."
Bhí seanmhana ag aontachtaithe a dúirt gurbh ionann Home Rule agus Rome Rule, is é sin, go mba dhrochrud é an córas rialtais a bheadh bunaithe ar chreideamh. Ach is léir go bhfuil an DUP ag iarraidh dialathas a chur i bhfeidhm ó thuaidh. Ní dhéanfar dearmad ar an uair a bhí Edwin Poots ar an raidió ag caint ar éabhlóid le Matthew Parris, iar-theachta parlaiminte i Westminster. Dúirt Edwin go raibh an domhan 4,000 bliain d'aois agus gur chreid sé sa chruthaíochtachas agus sa cheapadh meabhrach.
"Nutter" a thug Parris go hindíreach ar Edwin cóir.
Cúrsaí comhshaoil
Ag fanacht le cúrsaí timpeallachta, tá Sammy Wilson anois ina Aire Comhshaoil. Osna! Creideann Sammy nach n-imríonn CO2 tionchar rómhór ar an chomhshaol – agus mar sin, nár cheart dúinn béim a leagan air – agus gur miotas atá sa téamh domhanda; gur rud timthriallach é. Luann sé "iliomad oighearaoiseanna" ach tháinig deireadh leis an cheann deireanach 11,000 bliain ó shin. Ni féidir leis sin a bheith fíor mura bhfuil an domhan ach 4,000 bliain d'aois! Múinteoir scoile a bhí in Sammy sula bhfuair sé smacht ar chomhshaol na Sé Chontae ach tá sé ar nós na ndaltaí sin a dhéanann iarracht a chruthú go bhfuil siad níos cliste ná an múinteoir.
Ó aire comhshaoil a chreideann go bhfuil an comhshaol slán go haire cultúir atá in éadan an chultúir!
Tá Edwin díbeartha anois as an Fheidhmeannas agus Gregory Campbell tagtha ina áit. Bí ag caint ar shionnach a bheith i bhfeighil na gcearc! Agus é ag caint ar Acht na Gaeilge, dúirt Gregory: "It is a no-brainer. It is my view that the party will not introduce or allow this."
Osna eile.
Bíonn aontachtaithe ag caint ar pholaitíocht na teanga amhail is gur cuireadh tús léi le teacht an IRA. Bhí an Ghaeilge ina "liathróid pholaitiúil" chomh fada siad leis an bhliain 1366, aimsir Reachtanna Chill Chainnigh. Nuair a thagtaí ar Shasanaigh nó
Creideann Edwin Poots sa chruthaíochtachas
ar Éireannaigh a raibh cónaí orthu i measc na Sasanach agus an Ghaeilge a á labhairt acu, bhaintí an talamh díobh agus chuirtí i bpríosún iad go dtí go n-íocadh siad fíneáil agus go ngealladh siad go labhródh siad Béarla.
Is iomaí tagairt do mheon an léigir i measc na n-aontachtaithe agus, le teacht na síochána, in áit an chaint seo a bheith ag dul i léig, tá sí le cloisteáil ar bhonn níos forleithne. Roimhe seo, ní raibh ann ach poblachtánaigh uafásacha. Anois, is iad na naimhde atá á n-ionsaí acu ná lucht an chomhshaoil, na heolaithe agus lucht labhartha na Gaeilge.
Sin an fáth a mbíonn siad ag tógáil ballaí thart timpeall orthu féin in áit dul i mbun díospóireachta le daoine nach n-aontaíonn leo, ach a bhíonn sásta géilleadh dóibh in amanna. Ach cad é chomh slán is atá sochaí ina bhfuil daoine ar nós Iris Robinson, Sammy Wilson, Edwin Poots agus Gregory Campbell i gcuid é na poist is tábhachtaí?
|