Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Tá trí ceardlanna scríbhneoireachta trí Ghaeilge á reachtail ag Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude an

category galway | arts and media | press release author Wednesday November 12, 2008 18:18author by Feardorcha Mac Seanín - Ionad Scríbhneoiri Chaitlín Maude, Gallimhauthor email westernwriters at eircom dot netauthor address 27 Nuns Island, Galwayauthor phone 087.2178138

Tá trí ceardlanna scríbhneoireachta trí Ghaeilge á reachtail ag Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude an geimhreadh seo


. Beidh na ceardlanna ag díriú ar scríbhneoireacht don amharclann agus don teilifís. Beidh an chéad ceann ar siúl go luath, Dé Sathairn 29ú Samhain ag an ionad. Darach Mac Con Iomaire iar-stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce agus buaiteoir Gradam Cuimhneacháin Bhaitéir Uí Mhaicín a bheidh ag tabhairt na ceardlainne seo, ‘Ag Scríobh don Stáitse: Cúrsa Tosaigh’.

Beidh dhá cheardlann eile ar siúl i mí Eanáir. ‘Ag Scríobh don Teilifís: Cúrsa Tosaigh’ le Ailbhe Nic Giolla Bhríghde, scríbhneoir agus snaitheoir scéil do léiriúcháin ar nós, Ros na Rún, Afraic agus Seacht. Díreoidh an triú cheardlann ar scríbhneoireacht a thrasnaíonn an dá réimse. Beidh sé á thabhairt ag Diarmuid de Faoite, aisteoir, scríbhneoir, léiritheoir agus feidhmeannach le haghaidh na dTaibh-Ealaíon, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Beidh táille €20 an ceardlann i gceist nó €50 chun freastal ar na trí cinn acu. Tuilleadh eolas le fail ó Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude, 27 Oileán Ealtanach, 091 533594 , westernwriters@eircom.net nó twwc.ie.

Related Link: http://www.twwc.ie

http://www.indymedia.ie/article/89846

Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.