Oíche shóisialta ar son Ghaeil óga Bhéal Feirste
Beidh Oíche Shóisialta ar son Ghaeil óga Bhéal Féirste ar siúl i gCumann Chluain Ard, Béal Feirste ar Dhéardaoin 23ú Marta ag toiseacht ar 8.00in. Oíche chraic agus cheoil le togha 's rogha sen siamsaíocht a bheas ann. Bí ann nó bí gann!!
Comments (2 of 2)
Jump To Comment: 1 2Dóchas don Todhchaí
Tá dóchas nach beag sa teachtaireacht a tháinig amach as Tóstal na Gaeilge, a bhí ar siúl i nGaillimh thar an deireadh seachtaine.
Agus “An Chéad Ghlúin Eile” mar théama aige, dhírigh Tóstal na bliana seo ar dhaoine óga na tíre agus, mar a mhínigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an dúshlán atá romhainn mar phobal Gaeilge “cinntiú nach mbeidh an teanga s'againne ar cheann acu sin a ligfear le sruth trí ghéilleadh don síorbhru ó thonn báite an Bhéarla inár dtimpeall”.
Bhí tráth ann a raibh íomhá sheanaimseartha ag baint le hócáidí móra na Gaeilge ach ní amhlaidh atá cúrsaí a thuilleadh.
De réir a chéile, tá an mhuintir óg ag glacadh páirte níos suntasaí in imeachtaí agus díospóireachtaí teanga.
Feiceann daoine óga na tíre seo an fuineamh agus an tiomáint a bhaineann le gluaiseachtaí teanga i dtíorthaí eile, amhail Tír na mBascach agus An Bhreatain Bheag, agus is mian leo gníomhú ar an dóigh chéanna.
Tá an spiorad seo le brath in obair eagraíochtaí ar nós na nGael Óg, atá ag leathnú amach fríd an tír i rith an ama agus a reachtáil oíche shóisialta i mBéal Feirste, ag a raibh níos mó ná 100 duine i láthair, ag an deireadh seachtaine.
Tuigeann daoine óga mar seo go bhfuil freagracht acu féin i gcur chun cinn na teanga san am amach romhainn, .i. an teanga a labhairt, seirbhísí Gaeilge a iarraidh agus a úsáid nuair is gá.
Ach tá daoine óga ann fosta nach bhfuil eolach faoina thábhacht seo agus tá sé faoi phobal na Gaeilge agus an rialtas an teachtaireacht a scaipeadh.
Más ábhar dóchais é an bheocht úr seo don todhchaí, is ábhar gnímh é chomh maith.
Is léir ón Tóstal go dtuigeann eagraíochtaí na Gaeilge go gcaithfear cuidiú le muintir óg na hÉireann an teanga a thabhairt leo.
Tá obair de dhíth ach is tús é le próiseas riachtanach a chinnteoidh go mbeidh an teanga beo beathach i measc an chéad ghlúin eile.
Is maith an gníomh seo.
B'fhéidir gur b'fhiú do na gaeil óga seo a dtuairimí faoi cheisteanna domhanda is áitúla a chur síos ar an suíomh seo.
Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.