New Events

Antrim

no events posted in last week

Gaeil Bhéal Feirste in éadan Chinedheighilt Iosraeil

category antrim | rights, freedoms and repression | news report author Tuesday August 09, 2005 17:19author by Ciarán Ó Brolcháin - Ireland-Palestine Solidarity Campaign Report this post to the editors

Léirsiú taobh amugh den Chultúrlann

Tháining grúpa mór Gaeilgeoírí le chéile in Iarthar Bhéal Feirste ag léirsiú faoi acadamhaí Iosrael a bhí ag labhairt faoin Eabhrais ann.
s2400004.jpg

Tháinig thart fá 100 duine le chéile Dé Domhnaigh le hagóid a dhéanamh in éadan acadamhaí Iosraelaigh a tháining go Béal Feirste Thiar le labhairt ar "athbheochan" na hEabhraise in Iosrael agus pé ceachta a bheadh ann don Ghaeilge.

Bhí muid ansin cionn is go raibh muid ag tacaíocht leis an bhaghcat idirnáisiúnta ar Iosrael, agus ag an am céanna ní raibh muid sásta go raibh daoine éagsúla ag iarraidh nasc a dhéanamh idir an Ghaeilge agus an Eabhrais.

Is teanga choilíneach í an Eabhrais agus tá an mhaireachtáil s'aici ag bráth ar pholasaí chinedheighilte Iosraeil agus an cos ar bolg atá na hIosraelaigh ag déanamh ar an Palaistínigh.

Lá breá a bhí ann, agus bhí lúcháir orainn roimh an slua mór a tháining amach i ndlúthphairtíocht leis an chúis seo. Bhí níos mó daoine taobh amuigh ag léirsiú ná a raibh taobh istigh ag an léacht!

s2400005.jpg

s2400002.jpg

s2400015.jpg

s2400016.jpg

author by Ciarán Ó Brolcháinpublication date Tue Aug 09, 2005 17:30author address author phone Report this post to the editors

Tuilleadh grianghraf

s2400019.jpg

s2400006b.jpg

s2400007b.jpg

s2400010b.jpg

s2400014b.jpg

author by Ciarán Ó Brolcháinpublication date Tue Aug 09, 2005 17:33author address author phone Report this post to the editors

Seasann pobal Gaelach Bhéal Feirste le pobal na Palaistíne.

s2400021b.jpg

author by Oisín Mac Eochaípublication date Wed Aug 10, 2005 00:52author address author phone Report this post to the editors

sílím go bhfuil sé tabhachta a dhéanaimid soiléir cén taobh ar a bhfuilimid agus a seasaimid ar thaobh na bPailistíní i gcónaí ar ndóigh- nuair atá muintir na Pailistíne saoir ansin thig linn na mílte diospóireacht/ plé acaidimiciúla a bheith againn ar chúrsaí teangaí mar seo. ach mar atá rudaí i láthair is leis an slad a bhíonn ar siúl sa tír sin agus cos stáit Iosraeligh ar bholg na Pailistíne, ní ceart lúbadh ar bith maidir leis an fheachtas baghcat Iosraeleach a dhéanamh.

author by Duinepublication date Wed Aug 10, 2005 16:32author address author phone Report this post to the editors

Tá mé admhálach nach dtuigim an agóid is an baghcat seo.
An bhfuil daoine ag cur coisc ar chead cainte an fhir seo?

author by Ciarán Ó Brolcháin - Feachtas Dlúthpháirtíochta idir Éirinn agus an Phalaistínpublication date Wed Aug 10, 2005 17:14author address author phone Report this post to the editors

Tá muid ag iarraidh Iosrael a aonrú mar a rinne an saol mór maidir leis an Chinedheighilt san Afraic Theas fiche bliain ó shin. Mar sin is cuid den fheachtas é an baghcat acadúil.

author by Duinepublication date Wed Aug 10, 2005 17:26author address author phone Report this post to the editors

Bhal, tuigim díbh rud beag b'fhéidir.
Dar liom, déantar idirdhealú idir an gníomhaí, an gníomh, agus lucht scáth an ghníomhaí.
Má bhristear na caingil ar fad, cad as a dtagann cur is cúiteamh. Má chuirtear píonós ar dhaoine neamhurchóideacha, nach bhfuil síbh ag déanamh aithris ar pholaisí Rialtas na hIosraele atá fuafar?

author by somebodypublication date Wed Aug 10, 2005 22:04author address author phone Report this post to the editors

Well done on your action which was preceded by this event notice in english and perhaps will explain to some readers the placard in the photos above in that language :-
http://www.indymedia.ie/newswire.php?story_id=71363

author by Duinepublication date Thu Aug 11, 2005 12:54author address author phone Report this post to the editors

Ní thagaim le tuairim Áine Fox ar chor ar bith.
Deir sí gur síltheagasc Iosraeleach an léacht seo. Ar an dul chéanna , d'fhéadfainn a maíomh gur síltheagasc impiriúlach a caintsan, mar tá sí ag brú an Bhéarla ar ocáid Gaeilge. ACH, níl an saol chomh simplí sin.
Agus deir sí rudaí nach fíricí iad:
1 . The Irish language was wiped out by colonisation . Chuireadh cúl uirthi, níor díothadh í.
2.The 'revival' of hebrew in Israel is now being linked nationally to the Irish Language.
Ní hionann eolas a bhailiú is "nascadh"
3The discussion the Irish speaking community should be having is why did the Irish state accept the language of the coloniser and continue with its use after independance. Níl an phlé seo as an áireamh.
4There is no comparison between the revival of the irish language and that of the present hebrew B'fhearr liom m'aigne a dhéanamh suas i ndiaidh taobh na hEabhraise a chluainstint.

author by Ciarán Ó Brolcháinpublication date Fri Aug 12, 2005 15:57author address author phone Report this post to the editors

"1. The Irish language was wiped out by colonisation . Chuireadh cúl uirthi, níor díothadh í."

Rinne fórsaí na Breataine a seacht ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a mharú. Tá daoine ann inniu a déarfadh go bhfuil an Ghaeilge go fóill i mbaol báis.


"2.The 'revival' of hebrew in Israel is now being linked nationally to the Irish Language.
Ní hionann eolas a bhailiú is "nascadh""

Ón léacht seo eagraíodh camchuairt bheag ar fud na tíre don Ollamh Izre'el. Bhí sé le dul go dtí na Gaeltachtaí chun labhairt ar an ábhair céanna agus bhí cruinniú aige le hÚdarás na Gaeltachta. Agus tá seans ann fosta go ndéanfaidh na daoine céanna imeacht den chineál céanna a eagrú arís.


"4There is no comparison between the revival of the irish language and that of the present hebrew B'fhearr liom m'aigne a dhéanamh suas i ndiaidh taobh na hEabhraise a chluainstint."

D'fhulaing an Ghaeilge mar gheall ar an choilíneachas. Bhain an Eabhrais sochar as an choilíneachas.

Is féidir leat do bharúil féin a bheith agat faoi, ach tacaíonn muidne leis an bhaghcat idirnáisiúnta.

author by Duinepublication date Fri Aug 12, 2005 16:26author address author phone Report this post to the editors

A Chiarán ,
Tá mé buíoch as do fhreagra.

"1. The Irish language was wiped out by colonisation . Chuireadh cúl uirthi, níor díothadh í."

Rinne fórsaí na Breataine a seacht ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a mharú. Tá daoine ann inniu a déarfadh go bhfuil an Ghaeilge go fóill i mbaol báis.

Tagaim leat: ach ní díothú a bhí ann.


"2.The 'revival' of hebrew in Israel is now being linked nationally to the Irish Language.
Ní hionann eolas a bhailiú is "nascadh""

Ón léacht seo eagraíodh camchuairt bheag ar fud na tíre don Ollamh Izre'el. Bhí sé le dul go dtí na Gaeltachtaí chun labhairt ar an ábhair céanna agus bhí cruinniú aige le hÚdarás na Gaeltachta. Agus tá seans ann fosta go ndéanfaidh na daoine céanna imeacht den chineál céanna a eagrú arís.

Ní hionann eolas a lorg is teacht le tuairimí an chainteora, ná a theaghlaigh, ná a thíre, ná a rialtais.


"4There is no comparison between the revival of the irish language and that of the present hebrew B'fhearr liom m'aigne a dhéanamh suas i ndiaidh taobh na hEabhraise a chluainstint."

D'fhulaing an Ghaeilge mar gheall ar an choilíneachas. Bhain an Eabhrais sochar as an choilíneachas.

Ní thagaim leat. D'fhulaing pobal na Gaeilge. Bhain na hIosraeligh sochar as an choilíneachas. Is rud neamhbheo teanga. Ná measc teanga is lucht a labhartha. I gcroí is i meon an duine a mbíonn dochar, más ann dó, ní sa teanga.

Is féidir leat do bharúil féin a bheith agat faoi, ach tacaíonn muidne leis an bhaghcat idirnáisiúnta.

Sea, b'fhearr liom m'aigne féin a shocrú. An bhfuil cúlra is míniú an bhaghcait seo ar an idirlíon in áit éigin?

author by Ciarán Ó Brolcháinpublication date Sat Aug 13, 2005 03:00author address author phone Report this post to the editors

Foilsíodh an litir seo i Lá an lae inniu (Dé hAoine). Shínigh beagnach 50 duine an litir.


A chara,

Tá muidne, na Gaeilgeoirí agus gníomhaithe thíos-sínithe, ag scríobh lenár n-imní a chur in iúl faoin tuairisceoirecht ar imeacht a tharla le déanaí in Iarthar Bhéal Feirste a nasc an dóigh ar cuireadh an Eabhrais chun cinn sa Stát Iosraelach le hathbheochan na Gaeilge.

Tá muid imníoch go háirithe go gceapfaidh bhur lucht léitheoireachta go réitíonn an pobal seo leis an imeacht sin nuair nach bhfuil ach fonn orainn muid féin a scaradh uaidh.

Muise, bhí mórán againn i measc an bhreis agus 100 duine a ghlac páirt in agóid taobh amuigh den Chultúrlann Dé Domhnaigh seo chaite in éadan an cinneadh chun ardán a thabhairt d’acadamhaí Iosraelach, le labhairt ar an rath a bhí ag an Stát Iosraelach príomtheanga na háite a dhéanamh den Eabhrais sa chearn sin den domhan.

Chuir cuid againn ina choinne i dtosach mar tá feachtas idirnáisiúnta baghcait ar Iosrael ar siúl le blianta, baghcat ar institiúidí acadúla Iosrael san áireamh.

Is é aidhm an bhaghcait cosc a chur ar Iosrael agus a hinstitiúidí gnáthchaidreamh a dhéanamh leis an saol mór i limistéir spóirt, cultúir agus eacnamaíochta agus an iliomad rún de chuid na NA á sárú aici sa dóigh a chaitheann sí leis na Palaistínigh agus a gcearta.

Baghcat idirnáisiúnta atá ann mar a rinneadh in éadan Chinedheighilt na hAfraice Theas. Tá go leor grúpaí pobail agus comhlachtaí gnó in Iarthar Bhéal Feirste ag treisiú leis an fheactas seo. Tá go leor againn a chreideann go mbriseann an t-imeacht seo an baghcat.

Bhí muintir eile inár measc imníoch i dtosach go raibh an Ghaeilge, a d’fhulaing faoi ghabháil choilíneach, á nascadh ar bhealach éigin le teanga a bhain tairbhe as gábhail choilíneach agus a rinne léirscrios ag an am céanna ar chultúr mhuintir na Palaistíne.

Ní dhearna léacht an t-acadamhaí seo ina léacht, a foilsithe ar Lá, fiú trácht go raibh rath na hEabhraise in Iosrael ag brath cuid mhór ar ghlanadh eitneach an phobail dhúchasaigh Arabaigh.

Goilleann an glanadh eitneach sin go fóill ar na milliún Palaistíneach atá ina gcónaí laistigh de theorainneacha Iosrael, chomh maith leo siúd i ndúichí gafa Ghasá, an Bhruaigh Thiar agus Iarúsailéim Thoir.

Goilleann sé freisin ar an 5/6 milliún dídeanaithe atá go fóill ag tnúth le filleadh ar a dtír dhúchais.

Le blianta beaga anuas thionóil Iarthar Bhéal Feirste agus leoga an Chultúrlann cainteanna le réimse leathan cainteoirí Palaistíneacha agus Iosraelacha a cháin leatrom leanúnach phobal na Palaistíne faoi lámha stáit nach bhfuil insint scéil air ach mar stát bradach.

D’amharc cairde Palaistíneacha sa bhaile agus i gcéin ar áiteanna ar nós Iarthar Bhéal Feirste mar thamhnach dóchais sa Domhan Thiar nach miste leis faoina gcruachás agus a thuigeann níos lú.

Tá sé tábhactach nach gcailltear an dóchas seo.

Cé nach n-aontaímid leo, admhaímid go ndearna na gníomhaithe Gaeilge a d’eagraigh an léacht seo é a reachtáil chun go rachadh sé chun sochair d’athbheochan na Gaeilge.

Leanfaidh muid ag taobhú leo agus leis an Chultúrlann ina n-iarrachtaí chun é sin a dhéanamh, ach ní an teanga a nascadh le coilíneachas Iosrael an freagra.

author by Ciarán Ó Brolcháinpublication date Sat Aug 13, 2005 03:06author address author phone Report this post to the editors

"Ní thagaim leat. D'fhulaing pobal na Gaeilge. Bhain na hIosraeligh sochar as an choilíneachas. Is rud neamhbheo teanga. Ná measc teanga is lucht a labhartha. I gcroí is i meon an duine a mbíonn dochar, más ann dó, ní sa teanga."

Aontaím le sin ar shlí amháin ach, mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, "'Sí teanga na muintire a shlánós an mhuintir."

Measaim go goilleann stádas na Gaeilge faoi láthair orainn uilig. Níl teanga beo ar nós duine, aontaím leat, ach tugann sí meanma éigin dá lucht labhartha.

author by Ciarán Ó Brolcháinpublication date Sat Aug 13, 2005 03:10author address author phone Report this post to the editors

Is féidir teacht ar leagan Béarla den litir thuas ar shíomh an Daily Ireland.

(An English version of the letter above can be found on the Daily Ireland website.)

Related Link: http://www.dailyireland.com/
author by Ciarán Ó Brolcháinpublication date Sat Aug 13, 2005 03:28author address author phone Report this post to the editors

Alt faoin bhaghcat acadúil...

Related Link: http://right2edu.birzeit.edu/news/article178
author by Duinepublication date Mon Aug 15, 2005 15:24author address author phone Report this post to the editors

Scríobh tú:
mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain, "'Sí teanga na muintire a shlánós an mhuintir."

Measaim go goilleann stádas na Gaeilge faoi láthair orainn uilig. Níl teanga beo ar nós duine, aontaím leat, ach tugann sí meanma éigin dá lucht labhartha"

Tagaim le Máirtín Ó Cadhain go hiomlán.
Ansin casann tú ar stadás na Gaeilge nach bhfuil i dtrácht linn ar chor ar bith.
Is cuma faoi meon lucht a labhartha ach is é lucht na hEabhraise amháin ar tháinig leo teanga a thabhairt ar ais ó staid gan úsáid gháth laethúil. Bheinn ar bís d'fháil amach cad é mar tháinig leo. Ní maith an rud é an t-eolas seo a cheilt orm

Maidir le impí lucht Ollscoil Barzeit: níl mé cinnte an bhfuil stuaim lena n-achainí. Ní dóigh liom gur tháinig Eduard Said leis : smaointeoir mór na bPailístíneach sa chéid seo chaite, agus sheas sé fód is clú na bPailístíneach riamh.

Dar liom, is fearr cur is cúiteamh riamh , fiú i measc acadúlach.

author by Seán Ó Muireagáin - IPSCpublication date Tue Aug 16, 2005 13:42author email john-boy at utvinternet dot comauthor address author phone 02890871968Report this post to the editors

Ar chuir an Duine an cheist chéana fán bhaghcat san Aifric Theas in éadan na cinedheilghilte ansin. Níorbh ann don teanga sin 'An Eabhrais' mar theagna labhartha go dtí gur bhunaigh na Siónaithe í mórán mar a rinne lucht na cinedheighilte san Aifric Theas leis an Africaans. Is teanga an tsealbhora í go díreach mar atá an béarla againne sa tír seo. Ná ceistigh nach dtuigeann tú, fiafrigh fá dtaobh de ar tús, foghlaim fá dtaobh de agus sin déanta beidh freagra na ceiste agat féin.
Tá bolscaireacht na siónaithe á cur chun cinn ar fud an domhain, is bréagach í agus caithfidh muid seasamh ina héadan agus tacú leis an phobal a bhfuil cos ar bolg déanta uirthi.

author by Duinepublication date Tue Aug 16, 2005 14:33author address author phone Report this post to the editors

Ní thuigim cad chuige a bhfuil tú, ach seo agat mo bharúlacha:

Ar chuir an Duine an cheist chéana fán bhaghcat san Aifric Theas in éadan na cinedheilghilte ansin.

Chuir. Fiú sa lá inniu ann, ní maith liom fíon na hAfraice Theas d'ól. Níor cheannaigh mé earraí na tíre sin le linn réimeas na Cinedheighilte

Níorbh ann don teanga sin 'An Eabhrais' mar theagna labhartha go dtí gur bhunaigh na Siónaithe í mórán mar a rinne lucht na cinedheighilte san Aifric Theas leis an Africaans.

Bhí an Eabhrais ann roimh na "Síonaithe". Teanga an Bhíobla et al agus choinnigh díograisigh anam an teanga beo nuair a scar sí le corp a labhartha.
Ní thuigim do chaint i dtaobh na hAfraiceánise. Teanga a d'eascair ón Ollainnis í, teanga na chéad chóilíneach. Tuigim gur chuir dúchasaigh na tíre sin ina choinne sa ré sin,(ré na Cinedheighilte), cionn is go raibh siad i bhfách an Bhéarla - teanga coilíneach eile.
Dála an scéil, tá Afraiceánais intuige ag Ollainneach. Tugann siad "kindertaal" uirthi - teanga na dtachrán.

Is teanga an tsealbhora í go díreach mar atá an béarla againne sa tír seo.

Maím gur sa chroí is sa cheann atá maitheas nó dochar an duine. Níl sa teanga ach scátháin an duine, ní hé an duine é.

Ná ceistigh nach dtuigeann tú, fiafrigh fá dtaobh de ar tús,

Sílim go ndearna.

foghlaim fá dtaobh de

Is doiligh má tá cosc cainte ar dhaoine.

agus sin déanta beidh freagra na ceiste agat féin.

Tá mo chluasa ar tineall


Tá bolscaireacht na siónaithe á cur chun cinn ar fud an domhain, is bréagach í agus caithfidh muid seasamh ina héadan agus tacú leis an phobal a bhfuil cos ar bolg déanta uirthi.

Is gnáth dom cluas a thabhairt dó i dtosach roimh fhios agam gur bholscaireacht bhréagach í. Más ea, éilím an ceart m'aigne féin a dhéanamh i ndiaidh cluas a thabhairt do lán gach taoibh.

Tá mé buíoch as do thrácht.


Dála an scéil, tá mé buíoch de Ciarán a chuir an litir a bhí ar LÁ suas.

Number of comments per page