CÉAD MÍLE MALLACHT - Teachtaireacht Ghaeil In Éadan An Chogaidh do Bush:
Comórtas Manai Fógraithe
Beidh Gaeil In Éadan An Chogaidh ag mairseáil in éadan cuairt Phriomh Sceimhlitheoir na Cruinne, George Bush, ar an tir seo ar an Aoine, Satharn, 24ú/25ú Meitheamh.
Táthar ag ullmhú postaeir agus t-leinte don deire seachtaine sin anois, agus tugtar cuireadh daoibh, manai a mholadh dona brátacha, agus póstaeir a bhéas ar iompar ag na Gaeil. D'Eirigh go maith le comórtas den chineál céanna a reachtáileadh anuraidh i gcomhar le Craiceailte.com agus Cúl An Tigh ar RnaG. Iompraiodh bratacha agus postaeir, ar an 15ú Feabhra 2003, le manai cosúil le "Bás Ón Spéir le Bush & Blair"; "Ag doirteadh fola ar mhaithe le hOla"; agus "Bia Chan Buamai".
Tá manai úra a ullmhú anois do chuairt an sceimhlitheora Bush, leitheidi
" Céad Mile Mallacht" , agus "Ár Neodracht Diolta / Ár Náire Saolta".
Ba mhaith le Gaeil In Eadan An Chogaidh cuireadh a thabhairt dó léitheoiri LÁ agus Craiceailte.com, manai úra a chumadh anois, a thabharfas le fios do Ghaeil na tire seo, agus na Gaeil i Meiriceá, nach bhfuil fáilte roimh Bush sa tir seo. Bronnfar t-leinte úra frith chogaidh s'againne ar na daoine a chumfas na manai is cliste. Seol do chuid moltai chuig eolas@craiceailte.com ; eolas@nuacht.com nó fág teachtaireacht ar an Fhóram, ag www.craiceailte.com
Beidh na póstaeir ar fáil le hioslódáil ón suiomh idirlin gan mhoill.
Déan teagmháil le Gaeil In Éadan An Chogaidh: eolas@craiceailte.com