Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Gaeil In Éadan BUSH!

category national | anti-war / imperialism | news report author Wednesday June 09, 2004 17:52author by Rónán - Gaeil In Éadan An Chogaidhauthor email eolas at craiceailte dot comauthor address An Bun Beag, Leitir Ceanainn, Tir Chonaill

CÉAD MÍLE MALLACHT - Teachtaireacht Ghaeil In Éadan An Chogaidh do Bush:

Comórtas Manai Fógraithe

Beidh Gaeil In Éadan An Chogaidh ag mairseáil in éadan cuairt Phriomh Sceimhlitheoir na Cruinne, George Bush, ar an tir seo ar an Aoine, Satharn, 24ú/25ú Meitheamh.

Táthar ag ullmhú postaeir agus t-leinte don deire seachtaine sin anois, agus tugtar cuireadh daoibh, manai a mholadh dona brátacha, agus póstaeir a bhéas ar iompar ag na Gaeil. D'Eirigh go maith le comórtas den chineál céanna a reachtáileadh anuraidh i gcomhar le Craiceailte.com agus Cúl An Tigh ar RnaG. Iompraiodh bratacha agus postaeir, ar an 15ú Feabhra 2003, le manai cosúil le "Bás Ón Spéir le Bush & Blair"; "Ag doirteadh fola ar mhaithe le hOla"; agus "Bia Chan Buamai".

Tá manai úra a ullmhú anois do chuairt an sceimhlitheora Bush, leitheidi
" Céad Mile Mallacht" , agus "Ár Neodracht Diolta / Ár Náire Saolta".
Ba mhaith le Gaeil In Eadan An Chogaidh cuireadh a thabhairt dó léitheoiri LÁ agus Craiceailte.com, manai úra a chumadh anois, a thabharfas le fios do Ghaeil na tire seo, agus na Gaeil i Meiriceá, nach bhfuil fáilte roimh Bush sa tir seo. Bronnfar t-leinte úra frith chogaidh s'againne ar na daoine a chumfas na manai is cliste. Seol do chuid moltai chuig eolas@craiceailte.com ; eolas@nuacht.com nó fág teachtaireacht ar an Fhóram, ag www.craiceailte.com

Beidh na póstaeir ar fáil le hioslódáil ón suiomh idirlin gan mhoill.

Déan teagmháil le Gaeil In Éadan An Chogaidh: eolas@craiceailte.com

Related Link: http://www.craiceailte.com

Comments (4 of 4)

Jump To Comment: 1 2 3 4
author by Seáininpublication date Thu Jun 10, 2004 03:20author address author phone

"Priomh-sceimhlitheoir na Cruinne" mo thóin.

Ba cheart daoibh bheith buíoch go bhfuil Uachtarán láidir dúthrach sa Teach Bán a bhfuil fonn air tabhairt faoi na sceimhlitheoirí.

Bhí an ceart aige an Afgháin a glanadh amach agus an Iaráic freisin. Tá fáistin saor slán geal ag muintir na hIaráice anois, mar a bhfuil ag an Seapain agus an Ghearmáin.

author by Scath Sheamaispublication date Fri Jun 11, 2004 14:24author address author phone

Tá tú ag magadh faoin scéal, nach bhfuil?

Tá na ceannaircigh san Iaraic ag troid ar son an daonlachais, in éadan impiriúlachas SAM agus na Breataine.

author by Duinepublication date Wed Jun 23, 2004 18:08author address author phone

Fáilte is fiche romhat, a uachtaráin.

Buail iseach. Suigh síos. Ceap do shuaimhneas.

An n-ólfá deoch? An t-uisce dubh?

Seo dhuit!!

Ná bí buartha faoin saol. Lig dó. Déan do chaint. 'Dé mar atá an bhean is an chlann?

Ná bí cuthaileach ag filleadh ar ais chugainn.

Slán abhaile!!!

author by Neamhdhuinepublication date Thu Jun 24, 2004 03:33author address author phone

Ta an ceart agat, ba cheart go dtabharfadh muintir na hEireann (iad a bhfuil stuaim ceille acu) failte fial flaithiuil roimhe.

Failte romhat, a Uachtarain, biodh cuairt maith agat in Eirinn.



Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.