Belfast dissidnet Tohill gives interview to La claiming that he was not kidnapped by IRA
Níor fuadaíodh mé: Tohill
Tá sé faighte amach ag Lá go bhfuil an fear ar tuairiscíodh gur fuadaíodh é i lár an lae ghil i mBéal Feirste Dé hAoine gan aon chás a thógáil faoinar thit amach.
Ag caint óna leaba in Ospidéal na Cathrach i mBéal Feirste aréir, thuairisc Máirtín Ó Muilleoir gur dúirt Bobby Tohill nach raibh rún aige aon chúis a thógáil i gcoinne na ndaoine a bhfuil sé curtha ina leith ag an PSNI gur fhuadaigh siad é.
“Níl aon ráiteas déanta agam leis an PSNI, níl aon ghearán déanta agam leis an PSNI,” ar seisean.
“Beidh mé ag dul chuig mo dhlíodóir amárach agus ag tabhairt ráitis dó ag séanadh go raibh éinne m’fhuadach.
“Más gá rachaidh mé síos go dtí an Ard-Chúirt le tabhairt le fios don saol mór nach bhfuil mise sásta cás a ghlacadh in aghaidh na ndaoine seo.”
I ráiteas ó Phríomh-Chonstábla PSNI, Hugh Orde d’fhág sé an milleán ar an IRA Sealadach, ráiteas a mheall cáineadh ó pháirtithe polaitiúla ar fud an oileáin ar Shinn Féin.
Ach shéan an tUas Tohill gur dúirt sé leis an Sunday World go raibh a fhios aige gurb é an tIRA a d’ionsaigh é i dTeach Tábhairne Uí Cheallaigh i lár Bhéal Feirste tráthnóna Dé hAoine.
“Tháinig tuairisceoir agus grianghrafadóir isteach ar a seacht a chlog ar maidin agus bhí mé lán drugaí agus i bpian.
“Níl a fhios agam cad é a dúirt mé leo ach chaith banaltra amach iad.”
Dúirt an feisire Martin McGuinness, Sinn Féin, go raibh sé róluath glacadh le focal an PSNI faoi cé a bhí i gceist.
Ach dhearbhaigh sé gur sárú ar Chomhaontas Aoine an Chéasta a bheadh ann dá dtiocfadh sé amach go raibh baint ag an IRA leis.
Agus Tohill ag maíomh go poiblí gur “troid” i mbeár agus “míthuisinct” a bhí san eachtra uilig, níl a fhios an mbeidh Stiúrthóir na nImchúiseamh Poiblí ábalta cás fuadach a chur in aghaidh an tseisir atá anois tógtha ag an PSNI mar chuid den fhiosriúchán seo.
Tógadh cearthrar as an veain ina bhfuartha an tUas Tohill, agus gabhadh beirt eile Dé Sathairn.
Thóg an Andersonstown News, siúrnuachtán Lá gearán faoin dóigh ar chaith an PSNI le duine dá gcuid iriseoirí i ndiaidh na heachtra.
Thóg siad a ghuthán póca roinnt uaireanta an chloig ina dhiaidh.
Thug urlabhraí an nuachtáin le fios go raibh siad “chun dul chun cúirte leis an ghuthán a fháil ar ais”.