San oíche Dé hAoine seo chugainn déanfaidh an Eite Chlé i nGaillimh iarracht scéal saoil an scríbhneora Pádraic Ó Conaire a shaoradh ón ngreim scornaigh atá ag an Aicme Cheannais air le fada. Déanfaidh Coiste Uí Chonaire comóradh dátheangach ar shaothar Phádraic Uí Chonaire ag a 8 a chlog san oíche Dé hAoine, 12 Nollaig, in Áras na nGael, Sr. Doiminic.
Léireoidh Diarmuid de Faoite cuid dá sheó aonair faoi Ó Conaire, léifidh scríbhneoir radacach eile as Gaillimh, an file Rita Ann Higgins, cuid de scríbhinní Phádraic agus roinnt ábhair léi féin. Tabharfaidh Aindrias Ó Cathasaigh léacht i nGaeilge faoin gConaireach (seo é an fear a scríobh leabhar faoi Mháirtín Ó Cadhain le gairid). Labharfaidh an staraí ar chúrsaí saothair, an Dr. John Cunningham, faoi Ó Conaire i mBéarla.
Tá sé ráite ag Seosamh Ó Cuaig as Coiste Uí Chonaire nach mbeadh glacadh ar bith ag Pádraic Ó Conaire le cuid den Aicme Cheannais atá in ainm is a bheith ag déanamh cuimhneacháin air i mbliana, 75 bliain thréis a bháis --- leithéidí Éamoin Uí Chuív agus ionadaithe oifigiúla as Bardas na Gaillimhe.
"Bhí Pádraic Ó Conaire in aghaidh an mhíleatachais, " a dúirt Ó Cuaig: "idirnáisiúnaí a bhí ann. Dá mbeadh sé beo inniu bheadh sé ag léirsiú in aghaidh Aerfort na Sionainne agus aerspás na tíre seo a bheith tugtha ag rialtas na hÉireann do lucht míleata Mheiriceá le ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic. Bhí Ó Conaire gníomhach sa gcuid ab fhearr den pholaitíocht agus scríobh sé cuid mhór altanna ag seasamh le cothrom na Féinne. Is beag an mheas a bheadh aige ar an gcaoi a bhfuil Bardas na Gaillimhe ag iarraidh cead cainte a chosc sa gcathair faoi láthair."
Tá sé d'aidhm ag Coiste Uí Chonaire scríbhinní radacacha Phádraic a chur ar fáil níos foirleithne. Ní mórán a thuigeann anois chomh gníomhach agus a bhí sé. Chuidigh sé le bunú an Cheardchumainn Iompair agus Saothair i nGaillimh, thug sé tacaíocht do Réabhlóid na Rúise, bhí sé ó am go chéile i bpáirtithe Lucht Oibre agus Cumannacha.
Dúirt Seosamh Ó Cuaig go bhfuil súil ag an gCoiste na miotais a cumadh faoin gConaireach a scaipeadh. "SeanPhádraic a tugadh air," a duirt sé "ach ní raibh sé sean riamh (ní raibh sé ach 46 bliain nuair a cailleadh é.) Finscéal is mó atá sna scéalta faoin Asal Beag Dubh. Tá áibhéil freisin sna tuairiscí faoin méid óil a rinne sé. Ceannródaí a bhí ann ag cruthú litríochta nua-aimseartha i nGaeilge agus, d'fhear a fuair bás chomh hóg, d'fhág sé saothar den scoth ina dhiaidh."