Galway no events posted in last week
North Korea Increases Aid to Russia, Mos... Tue Nov 19, 2024 12:29 | Marko Marjanovi?
Trump Assembles a War Cabinet Sat Nov 16, 2024 10:29 | Marko Marjanovi?
Slavgrinder Ramps Up Into Overdrive Tue Nov 12, 2024 10:29 | Marko Marjanovi?
?Existential? Culling to Continue on Com... Mon Nov 11, 2024 10:28 | Marko Marjanovi?
US to Deploy Military Contractors to Ukr... Sun Nov 10, 2024 02:37 | Field Empty Anti-Empire >>
Indymedia Ireland is a volunteer-run non-commercial open publishing website for local and international news, opinion & analysis, press releases and events. Its main objective is to enable the public to participate in reporting and analysis of the news and other important events and aspects of our daily lives and thereby give a voice to people.
Trump hosts former head of Syrian Al-Qaeda Al-Jolani to the White House Tue Nov 11, 2025 22:01 | imc
Rip The Chicken Tree - 1800s - 2025 Tue Nov 04, 2025 03:40 | Mark
Study of 1.7 Million Children: Heart Damage Only Found in Covid-Vaxxed Kids Sat Nov 01, 2025 00:44 | imc
The Golden Haro Fri Oct 31, 2025 12:39 | Paul Ryan
Top Scientists Confirm Covid Shots Cause Heart Attacks in Children Sun Oct 05, 2025 21:31 | imc Human Rights in Ireland >>
British TV Comedy Has Lost its Class Sat Nov 22, 2025 17:00 | Finlay McLaren The BBC's Director of Comedy wants to "save the sitcom". But the sitcom is only endangered because most of them stopped being funny. As To the Manor Born reminds us, British comedy has lost its class, says Finlay McLaren.
The post British TV Comedy Has Lost its Class appeared first on The Daily Sceptic.
Is the Era of Cheap Internet Surveys Over? Sat Nov 22, 2025 15:00 | Noah Carl Is the era of cheap internet surveys over? A new paper demonstrates that AIs can now be "trivially programmed" to answer online surveys in ways that are essentially indistinguishable from humans.
The post Is the Era of Cheap Internet Surveys Over? appeared first on The Daily Sceptic.
Thank Lockdowns for the Worst Budget in History Sat Nov 22, 2025 13:00 | Will Jones We're a week away from the most painful Budget in history thanks largely to the eye-watering cost of lockdown. Yet Baroness Hallett says next time the Government must be ready to go harder and faster. This is insanity.
The post Thank Lockdowns for the Worst Budget in History appeared first on The Daily Sceptic.
Taxpayers Are Charged for the BBC Whether They Like it or Not Sat Nov 22, 2025 11:00 | Charlotte Gill It's bad enough that all UK TV users are forced to fund the BBC via a TV licence. But it's worse than that, says Charlotte Gill: millions of pounds of taxpayers' money are handed to the corporation via backdoor channels.
The post Taxpayers Are Charged for the BBC Whether They Like it or Not appeared first on The Daily Sceptic.
CPS Appeals Against Acquittal of Hamit Coskun for Burning Quran Sat Nov 22, 2025 09:00 | Will Jones The Crown Prosecution Service is appealing against the acquittal of Hamit Coskun, who was convicted of burning the Quran in a protest, reigniting fears Britain could introduce blasphemy laws by the back door.
The post CPS Appeals Against Acquittal of Hamit Coskun for Burning Quran appeared first on The Daily Sceptic. Lockdown Skeptics >>
Voltaire, international edition
Will intergovernmental institutions withstand the end of the "American Empire"?,... Sat Apr 05, 2025 07:15 | en
Voltaire, International Newsletter N?127 Sat Apr 05, 2025 06:38 | en
Disintegration of Western democracy begins in France Sat Apr 05, 2025 06:00 | en
Voltaire, International Newsletter N?126 Fri Mar 28, 2025 11:39 | en
The International Conference on Combating Anti-Semitism by Amichai Chikli and Na... Fri Mar 28, 2025 11:31 | en Voltaire Network >>
|
Cathair gan Spraoi
galway |
environment |
news report
Wednesday September 03, 2003 12:47 by Alex Hijmans - Foinse 091-595520

Fo-dhlithe nua ag teacht salach ar íomhá spraoiúil na Gaillimhe
Tá déagóirí sásta 'dul go príosún' chun a gcearta clárscátála (skateboarding) ag Póirse Caoch na Gaillimhe a chosaint. Tá na cearta seo, chomh maith le cearta eile, i mbaol ó dhá fho-dhlí nua a bhéas á bplé ag Comhairle Chathrach na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn. Tá déagóirí ‘sásta dul go príosún’, má thagann sé chuige sin, chomh fada agus a bheidh siad in ann coinneáil orthu ag clárscátáil (skateboarding) ag an bPóirse Caoch i nGaillimh. Níl déagóirí na Póirse Caoiche leo féin: tá dhá fho-dhlí nua atá á mbeartú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe cáinte go géar ag eagraíochtaí pobail agus Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas freisin.
Dar leo siúd atá i gcoinne na bhfodhlithe go bhféadfadh na fodhlithe nua íomhá saor, liobrálach na Gaillimhe a scrios.
I measc rudaí eile, cuirfidh an fo-dhlí um Pháirceanna agus Spásanna Oscailte atá á bheartú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe cosc ar dhaoine clárscátáil (skateboarding), scátáil (rollerblading) nó dul ag snámh, ach amháin in áiteanna a bhfuil cead tugtha go sonrach dul i mbun na gcaitheamh aimsire seo. Mar a tharlaíonn sé, níl liosta d’áiteanna ina mbeidh cead dul i mbun na gcaitheamh aimsire seo curtha ar fáil fós.
Ní amháin sin, ach faoin fho-dhlí nua, caithfear cead Comhairle Cathrach na Gaillimhe a lorg má tá os cionn 100 duine le cruinniú in aon áit amháin, rud, dar leo siúd atá ag cur i gcoinne na bhfo-dhlithe nua, a sháraíonn cearta daonna, agus Bunreacht na hÉireann féin.
Faoin fho-dhlí eile atá dréachtaithe ag an Chomhairle Chathrach ní bheidh cead aon bhileoga bolscaireachta a scaipeadh sa chathair, rud a chuirfidh srian le saoirse chainte agus chumarsáide eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí polaitiúla, dar leo siúd atá i gcoinne na bhfo-dhlithe.
“I dtús báire, ceapaim go bhfuil sé fíorchontúirteach coir a dhéanamh as caitheamh aimsire,” a dúirt an Comhairleoir Cathrach Catherine Connolly (Lucht Oibre). “Ach tá an riail a deir go gcaithfidh tú cead na Comhairle Cathrach a lorg má tá cruinniú d’os cionn 100 duine a bheith ann ag teacht salach ar chearta daonna agus ar Bhunreacht na hÉireann féin,” a dúirt an Comhairleoir Connolly.
“Bím ag scátáil ar an Prom mé féin,” a deir Connolly, “agus dá ndéanfainn sin tar éis don fhodhlí nua dul i bhfeidhm bheinn ag briseadh an dlí!”
Tá John Deely, úinéir an tsiopa clárscátála ‘Gravity’ ar an tSráid Thrasna, agus urlabhraí ar son an lucht clárscátála ag an bPóirse Caoch, fíormhíshásta le pleananna na Comhairle Cathrach freisin.
“Ceapaim go bhfuil na fodhlithe nua náireach amach is amach. Ceapaim go bhfuil sé dochreidte go bhfuil an Chomhairle ag iarraidh cosc a chur ar chaitheamh aimsire sláintiúil a chuireann le haclaíocht pháistí,” a deir John Deely le Foinse.
“Tá déagóirí de naoi nó deich mbliana d’aois ag rá liomsa go bhfuil siad sásta dul go príosún mar gheall ar bheith ag clárscátáil ag an bPóirse Caoch,” a deir Deely.
Ach dar leis an Chomhairle Chathrach nach bhfuil sé i gceist acu srian a chur le saoirse chainte aon duine ná cosc a chur ar spórt agus caitheamh aimsire, ach go bhfuil sé i gceist acu rud éigin a dhéanamh faoin fhadhb bhrúscair a tharraing drochchlú ar chathair na Gaillimhe níos luaithe sa bhliain.
“Dréachtanna atá sna fo-dhlithe nua seo go fóill; níl siad ina ndlí fós,” a deir Breandán Ó hEaghra, urlabhraí ar son Comhairle Chathrach na Gaillimhe. “Sula mbeidh siad ina ndlí, beidh ar na Comhairleoirí, atá tofa ag an bpobal, iad a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh mar gheall orthu. Ach is cinnte nach bhfuil sé i gceist ag Comhairle Chathrach na Gaillimhe saoirse chainte aon duine a theorannú ná cosc a chur ar chaitheamh aimsire aclaíoch. Is éard atá i gceist ag na daoine a dhréachtaigh na fo-dhlithe seo ná rud éigin a dhéanamh faoin bhfadhb bhrúscair i nGaillimh,” a mhíníonn Ó hEaghra.
I dtaobh na gclárscátálaithe ag an bPóirse Caoch, deir Breandán Ó hEaghra ó Chomhairle Chathrach na Gaillimhe go bhfuil áiseanna clárscátála curtha ar fáil cheana féin ag an Chomhairle Chathrach i bPáirc Mhílaoise na bPáistí, trasna ón Ardeaglais, agus go bhfuil sé i gceist ag an Chomhairle tuilleadh de na háiseanna seo a chur ar fáil amach anseo.
“I súile na Comhairle tá an áit atá roghnaithe ag na clárscátálaithe ag an bPóirse Caoch an-chontúirteach. Níl ann ach go bhfuil muid ag cuartú athrú ionaid dóibh,” a mhíníonn Ó hEaghra.
|
View Full Comment Text
save preference
Comments (6 of 6)