Gaeil In Eadan An Chogaidh
national |
miscellaneous |
news report
Monday March 03, 2003 16:30
by Craiceailte - Gaeil In Eadan An Chogaidh
eolas at craiceailte dot com
An Bun Beag, Leitir Ceanainn, Tir Chonaill
075-60667
Mhairseáil scaifte mór Gaeil faoin mana 'Gaeil In Éadan an Chogaidh' ag an mórshiúl i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh. Bhí Gaeil as achan áit sa tír, Conamara agus Tír Chonaill, ach go hairithe páirteach sa tsiúlóid. Cúpla la roimh an mhórshiúl, chroch an ghrúpa clúiteach, an Alabama 3, cuid postaeir Gaeil In Eadan An Chogaidh ar an ardán mar chuid dá gcoirmceoil i nGaillimh. Is féidir amharc ar na gríangrafanna agus altanna a léamh i dtaca leis an ábhar seo ag www.craiceailte.com. Chomh maith le sin, is féidir postaeir le manaí Gaeilge ar nós 'Déan Suirí, chan buamaí', 'Bás Ón Spéir le Bush is Blair'&rl, a íoslódáil ón suíomh. Déan teaghmáil linn ag eolas@craiceailte.com. Tiocfaidh Ár mBláth!.