Siúl ar son do Chearta
Mórshiúl ar son Cearta Gaeilge - ag dul ó Chearnóg Pharnell go Teach Laighean chun brú a chur ar an Rialtas cearta a thabhairt don Ghaeilge
Beidh ceol, le Kila, Seo Linn agus Na Fíréin ar siúl, chomh maith le aghaidh-dhathú dos na páistí.
Beidh fáilte roimh chách.
Beidh an mórshiúil is tábhachtaí don Ghaeilge leis na blianta ar siúl an Satharn seo chugainn ag a 2 i.n. ag tosú ó an Gáirdín Cuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil slua mór ann chun ár mí-shásamh a léiriú don Rialtas. Bí ann, scaip an scéal faoi agus tóg amach do chairde, is cuma más Gaeilgeoirí nó Béarlóirí iad. Baineann an cheist seo linn uilig. Beidh pobal labhartha na Gaeilge imithe sna Ghaeltachtaí i gceann 15 bliana muna dhéantar gníomh láithreach. Seo é ár deis chun ár bhféiniúlacht agus oidhreacht a shábháil.